Is ceann de na teangacha is ársa sa domhan í an Ghaeilge, téanga a labhraíodh in Éirinn fad is a bhí Éireannaigh ina gcónaí anseo. Is léir gur cuid lárnach dár bhféiniúlacht mar Éireannaigh í. Tá sé tabhachtach mar sin í a chaomhniú, a chur chun agus a athbheochaint.
Sa bhliain 1602 briseadh cath ar Ghaeil agus ar an dá Aodh, Aodh Ó Néill agus Aodh Rua Ó Domhnaill in aice Chionn tSáile, Contae Chorcaí. Bhí naoi mbliana caite faoin am sin ag na Gaeil ag dtroid go dian is go calma i gcoinne fhorlamhas na nGall in Éirinn. Le linn na tréimhse sin rug said bua ar na Gaill i ngach trom dar buaileadh eatharthu go dtí an briseadh sin Chionn tSáile. Scrios an t-aon bhriseadh amháin sin bua na mbliana agus bhí Éire faoi chosa na Sasanach arís. D’fhéadfaí á rá gur ansin a thosaigh meath na Gaeilge. Cé go raibh an chuid is mó den tír fós á labhairt suas go luath an 19ú Aois, chinntigh an dinimic pholaitiúil agus chultúrtha a lean tar éis an chatha meath na teangan. Tar éis aimsir an Ghorta Mhóir cuireadh dlús leis an bpróiséas go dtí 1893 agus gan ach 14.5% de mhuintir na tíre fós ag labhairt na Gaeilge. Bunaíodh Conradh na Gaeilge an bhliain sin agus ó shin i leith tá iarrachtaí mór déanta leis an nGaeilge a athréimiú agus athshealbhú mar phríomh theanga na tíre.
Sa lá atá inniu ann is í an Gaelscolaíocht an bunchloch i bpróiséas athsealbhaithe agus athbheochana na teangan. Tá 271 scoileanna lán Ghaeilge in Éirinn anois ina bhfuil breis is 50,000 dalta ag freastal orthu. De réir taighde a rinne Foras na Gaeilge roinnt blianta ó shin ba mhian le 25% de thuismitheoirí na tíre go mbeadh Gaelscoilaíocht ar fáil dá bpáistí. Níl an rogha seo ann dóibh afách agus tá géarghá len é a réiteach. Bíonn tionchar nach beag ar nósanna teangan sna ceantracha ina bhfuil siad lonnaithe. D’imir mé cluiche iomána le déanaí leis an gclub lán Ghaeilge CLG, Na Gaeil Óg. Bhíomar ar fad ag gaeilgeoireacht mar is gnáth ach tharla go raibh Gaeilge líofa ag an bhfear a bhí do mo mharcáil freisin, maraon le daoine eile ar a fhoireann . Ba as ceantar ina bhfuil Gaelscolaíocht ag feidhmiú le fada ann an fhoireann eile.
Cé gurab iad na gaelscoileanna an bunchloch san athbheochan is í an chéad chéim eile ná Gaelphobail a bhunú lasmuigh de shuíomh na scoile. I roinnt ceantracha tá na Gaelphobail, ar nós an club lán Ghaeilge CLG Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus Gaelphobal Thamhlachta i mBaile Átha Cliath, bunaithe cheana féin. Tugann eagrais mar seo spásanna sóisialta do chainteoirí a dteastaíonn uathu muinín a fhorbairt agus deis an teanga a chleachtadh do na cainteoirí líofa. Is ann freisin a gcruthaítear caidrimh atá bunaithe go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Thairis seo tá pobal an mhór ar líne anois leis na mílte ar na meáin shóisialta ag úsáid na Gaeilge gach lá.
Tá roinnt mhaith constaicí ann sa phróiseás athbheochana le sarú dar ndóigh. Measaim gurab é an constaic is mó ná an meon diúltach atá ag roinnt daoine maidir len í a labhairt lasmuigh den chóras oideachais.Cé go bhfuil an meon seo ag athrú le blianta beaga anuas, bíonn roinnt mhaith daoine fós den tuairim go bhfuil sé aisteach nó as áit a bheith ag úsáid na teangan lasmuigh d’am scoile. Cuireann sé seo drogall ar dhaoine í a úsáid. Cuid den chúis leis an dearcadh seo ná nach mbíonn taithí ag daoine an teanga a chloisteáil go minic. Ní raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga pobail le 150 -200 bliain nó 6 nó 8 nglúin anois, ag brath ar an gceantar ina bhfuil cónaí ort. Dé réir mar a éireoidh labhairt na Gaeilge níos coitianta laghdóidh an dearcadh seo.
Tá constaicí ann go cinnte ach tá dul chun cinn suntasach ann freisin is beifear ag sárú na gconstaicí diaidh ar ndiaidh. Tá go leor comharthaí dóchais ann don teanga is má chuirimid uilig an obair agus iarracht isteach ní fada go mbeidh an Ghaeilge ar ais i réim mar theanga labhartha arís ar fud fad na hÉireann.
Pól Ó Meadhra
gript.ie
Read Source